féile bia iarthar phort láirge
sracfhéachaint a íoslódáil
Tá clár lán le himeachtaí againn arís i mbliana, clár a thugann deis an chuid is fearr dár réigiúin agus den mbia a tháirgtear anseo a thaispeáint.

Fáilte Uí Cheallaigh romhaibh go dtí an dara féile déag Féile Bia Iarthar Phort Láirge.
Tá go leor imeachtaí iontacha ar chlár na féile i mbliana. Tá go leor cinn nua againn ach táimid tar éis cloí le cinn a bhí againn blianta eile chomh maith. Le 120 ócáid agus le breis is 100 seastán ag margaí an Satharn agus an Domhnaigh sásófar gach duine a fhreastalaíonn orthu.
Tá Iarthar Phort Láirge suite idir na sléibhte agus an fharraige agus tá sé suite i dtalamh talmhaíochta saibhir. Tá traidisiún fada ann maidir le táirgeadh agus le nuálaíocht bia go háitiúil agus táimid bródúil as an traidisiún sin a chur chun cinn, ag léiriú táirgeoirí iontacha, chócairí den scoth agus ag tairiscint taithí iontacha cócaireachta duit.
Ar chlár na bliana seo tá go leor imeachtaí a thaitníonn go mór le daoine cosúil le suipéar drámaíochta, rianta tapas bialainne, tob-imeachtaí bia, ceardlanna agus taispeántais mar aon le himeachtaí nua, ina measc béilte ullmhaithe ag aoi-chefanna i roinnt de na tithe móra iontacha sa réigiún, le fáilte fial flaithiúil curtha ag úinéirí na dtithe seo roimh aíonna. Ar ndóigh, beidh ceol, siamsaíocht agus spraoi againn, gan trácht ar mhargaí, ar thaispeántais agus go leor leor eile!
Ní bheadh ar ár gcumas an deireadh seachtaine seo a chur i gcrích gan cabhair mhór ó Chomhairle Cathrach agus Chontae Phort Láirge, ónár n-urraitheoirí flaithiúla, ó Chairde na Féile agus ónár n-oibrithe deonacha a bhfuil obair chrua déanta acu. Táimid thar a bheith buíoch dóibh go léir. Is mór an onóir dom fáilte a chur romhaibh chuig mo chéad fhéile mar Chathaoirleach agus tá súil agam go mbeidh am iontach agaibh go léir.
Anita Geoghegan,
Cathaoirleach, Féile Bia Iarthar Phort Láirge
Tá áthas orainn fáilte a chur romhat chuig ár féile, féile atá tar éis fás thar na mblianta agus í anois ar cheann de na féilte is mó sa réigiún, agus áit le bheith ann do bheadaithe as gach cearn den tír.
Tá clár lán le himeachtaí againn arís i mbliana, clár a thugann deis an chuid is fearr dár réigiúin agus den mbia a tháirgtear anseo a thaispeáint. Cuirimid fáilte chomh maith roimh aoianna a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud na tíre agus go domhanda, agus beidh siad i bpáirt lenár laochra bia áitiúla i gcomhair dheireadh seachtaine lán de bhia agus spraoi.
Tugann an fhéile seo scoth an bhia agus dí, imeachtaí mealltacha, tob-bhialanna, ceann des na margaí is mó in Éirinn, rianta agus turais, cócaireacht do leanaí, ceiliúradh lá breithe speisialta agus go leor, leor eile le chéile in aon áit amháin. Tá Féile Bia Iarthar Phort Láirge ina fhéile nach féidir a chailiúint do bheadaithe as gach áit.